Skip to main content
Version status: In force | Document consolidation status: Updated to reflect all known changes
Version date: 8 March 2005 - onwards

Schedule 1 Council Framework Decision of 13 June 2002 on Combating Terrorism

Section 4.

Part 1 Treoirchinneadh Ó N Gcomhairle 2002/475 CGB an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 29, Airteagal 31(e) agus Airteagal 34(2) (b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [IO C 332, 27.11.2001, Ich. 300.],

Ag féachaint don Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa [Tuairim a tugadh ar an 6 Feabhra 2002 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil).],

De bhrí:

(1) Go bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe ar na luachanna uilechoiteanna arb iad dínit an duine, an tsaoirse, an comhionannas agus an dlúthpháirtíocht, an urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha. Tá sé bunaithe ar phrionsabal an daonlathais agus ar phrionsabal an smacht reachta, prionsabail is coiteann do na Ballstáit.

(2) Tá an sceimhlitheoireacht ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar na prionsabail sin. Daingníonn Dearbhú La Gomera arna ghlacadh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle ar an 14 Deireadh Fómhair 1995 go bhfuil an sceimhlitheoireacht ina bagairt ar an daonlathas, ar shaorfheidhmiú chearta an duine agus ar an bhforbraíocht eacnamaíoch agus sóisialta.