PRÓTACAL
arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit den Aontas Eorpach.
AG TAGAIRT DÓIBH do Ghníomh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh 27 Meán Fómhair 1996.
ÓS MIAN LEO a áirithiú go gcuidíonn a ndlíthe coiriúla go héifeachtach le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint;
AG AITHINT DÓIBH thábhacht Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a mhéid a bhaineann le calaois a dhéanann difear d'ioncam agus caiteachas Comhphobail a chomhrac;
ÓS FIOS DÓIBH go bhféadfaidh cionta coiriúla eile díobháil a dhéanamh do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach nó bheith ina mbagairt orthu, go háirithe gníomhartha éillitheacha arna ndéanamh ag oifigigh náisiúnta agus oifigigh Chomhphobail atá f